Is sráidbhaile i gContae Chiarraí í An Caladh. Is sráidbhaile iascaireachta le tithe geala í. Tá an sráidbhaile suite ar iar chósta leithinis Uíbh Ráthaigh, aniar ó Oileán Dairbhre. Uaireannta tugtar “the ferry” ar an sráidbhaile seo, ag tagairt dá feidhm mar phointe trasnaithe go dtí Oileán Dairbhre.

Is féidir Oileán Dairbhre a bhaint amach tré usáid a bhaint as an droichead ó Phort Mhic Aodha. Tá clú agus cáil ar an áit seo i leith Ciarraí Thiar Theas de bharr go bhfuil os cionn 80% de chabhlaigh na háite bunaithe sa chaladh. Tá an sráidbhaile iomráiteach de dheasca na tithe tabhairne traidisiúnta agus bialanna iontacha ina gcuireadh éisc úr díreach ós na báid ar fáil.

Is bun phointe imeachta dos na turasanna báid chuig an Sceilig í Port Mhic Aodha. Is suíomh oidhreachta domhanda UNESCO í seo. De bharr seo ní bheadh turas chuig an sráidbhaile seo comhlánaithe gan cuairt a thabhairt ar an Sceilig. Is sampla í Sceilig Mhichíl (an ceann is mó den dá oileán) de lonnaíocht mhanachúil luath-Chríostaí-an sampla is deise agus is fearr sa tír. Tá an coimpléasc manachúil suite 12km thar cósta thiar theas Chiarraí, ar suíomh carraigeach agus tá sé ar an bhfód ó timpeall an 6ú aois A.D.

Mhair an mhainistir ar feadh thart ar sé aois sular tréigeadh é sa 13ú aois. Tá an imfhálú manachúil déanta suas de sé bhotháin le cruth coirceoga orthu-déanta as cloch gan moirtéal, dhá aireagail agus eaglais amháin. De réir annála, rinne na Lochlannaigh ruathar in 812 agus 823 agus tháinig siad ar phobal bunaithe.

Is bun áit iascaireachta í Port Mhic Aodha sa dúiche seo; is ón áit seo fadó a tugadh poist agus soláthairtí chuig an Sceilig do choimeádaithe an teach solais. I 1911 thuairteáil “an Lady Crompton” ag Carraig ar an slí ó Buenos Aires go Learpholl. Dhreap an criú go sábháilteacht (ina measc bhí roinnt daoine gorma agus bhí an suim go deo ag na daoine áitiúla iontu). Le blianta beaga anuas, tarrtháladh ancaire “an Lady Crompton” agus cuireadh ar thaispeáint ag Baile an Ridire in Oileán Dairbhre é.

Bíonn rince seit ar siúl oíche DéDomhnaigh chomh maith le Deireadh Seachtaine traidisiúnta an rince seit a bhíonn ar siúl ar saoire banc Mí Bealtaine-tagann daoine ó chian is ó congar chun sampla den chultúr Gaelach agus rince seit a bhlas agus ina theannta sin chun páirt a ghlacadh in sna ceardlanna a bhíonn ar siúl thar an deireadh seachtaine.

Ceann des na buaicphointí eile den bhliain is ea ceiliúradh “an tsean bhliain”, a tharlaíonn ar Oíche Chaille. Tá sé beagáinín ait, beagáinín iontach agus sárspraoi ag an ám céanna. Suite idir radharcra iontach Bá Fhionáin agus Oileán Dairbhre, is áit álainn í seo leis an cósta agus luí gréine an gheimhreadh.

Tá siúlóidí agus rianta rothaíochta iontachta anseo-samplaí dóibh siúd ab ea Bearnas Coomanaspig (ag scaradh Port Mhic Aodha agus Bá Fhionáin), túr Bray Head ar bharr deisceartach Oileáin Dairbhre agus cairéal slinne Dairbhre chuig an tuaisceart le radharcanna iontacha thar cuan Dairbhre, Bá an Daingean agus na Blaiscéidí.

Find Something

Area/Town
Select Category
portmagee map
viagra tablets